D'imigh mé mar sin agus d'fholaigh mé ag an Eofrataes é mar a d'ordaigh an Tiarna dom.
Rinne Maois amhlaidh; rinne sé sa tslánchruinne mar a d'ordaigh an Tiarna dó.
Tar éis mórán laethanta dúirt an Tiarna liom: “Éirigh agus imigh leat go dtí an Eofrataes agus tóg as sin an crios a d'ordaigh mé duit a fholach ann.”
De réir mar a ordaíodh dom, thairngir mé. Agus mé ag tairngreacht bhí tormán, sea, agus gliogarnaíl ann; agus tháinig na cnámha lena chéile.
Cuir suas le do chion féin den chruatan mar a dhéanfadh saighdiúir dílis Chríost Íosa.
Trí chreideamh rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; d'imigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall.