Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 13:24

An Bíobla Naofa 1981

Scaoilfidh mé ó chéile thú ar nós cátha a imíonn le gaoth an fhásaigh.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Ní amhlaidh do na héagráifigh, ní amhlaidh! ach mar cháith a scaiptear le gaoth.

Bagraíonn sé orthu, scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach, á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda, mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme.

Cáithfidh tú iad agus tabharfaidh an ghaoth ar shiúl iad, cuirfidh an stoirm scaipeadh orthu. Maidir leat féin, beidh lúcháir ort sa Tiarna, beidh tú ag déanamh mórtais as Neach Naofa Iosrael.

Mar a dhéanfadh an ghaoth anoir scaipfidh mé iad roimh an namhaid. Tabharfaidh mé cúl dóibh agus ní hí m'aghaidh, ar lá a dtruamhéile.”

Scaipfidh mé i measc ciníocha iad narbh aithnid dá n‑aithreacha ná dóibh féin; agus cuirfidh mé an claíomh ina ndiaidh go scriosfaidh mé iad.”

Na gaiscígh uile a bhíodh agam, tá an Tiarna tar éis iad a shéanadh; thug sé slua le chéile i m'aghaidh chun mo chuid ógánach a chloí; tá an Tiarna tar éis satailt sa chantaoir ar iníon fhíorógh Iúdá.

Titfidh togha a shlua leis an gclaíomh agus scaipfear an t‑iarmhar le gach gaoth; agus aithneoidh tú gur mise, an Tiarna, a labhair.

Éagfaidh trian daoibh den phlá agus den ghorta istigh, titfidh trian leis an gclaíomh máguaird, agus scaipfidh mé trian leis na gaotha uile agus an claíomh ar tarraingt agam ina ndiaidhsean.

Dófaidh tú trian di le tine i lár na cathrach nuair a bheidh tréimhse an léigir istigh; glacfaidh tú trian agus buailfidh leis an gclaíomh é timpeall na cathrach; scaipfidh tú trian leis an ngaoith agus tarraingeoidh mise an claíomh amach ina ndiaidhsean.

“Ach fágfaidh mé cuid agaibh beo; tiocfaidh siad slán ón gclaíomh agus scaipfidh mé i measc na gciníocha iad.

Dá dheasca sin beidh siad cosúil le néal maidine, nó leis an drúcht a imíonn as radharc go luath, nó leis an gcáith a shéidtear chun siúil ó urlár buailte, nó le púir dheataigh a shíobtar an fhuinneog amach.

Scaipfidh mé sibh i measc na gciníocha agus nochtfaidh mé an claíomh ar bhur sála; millfear bhur gcríocha agus déanfar fásach de bhur gcathracha.

sula dtiomáintear chun siúil sibh mar an gcáith, sula dtaga fearg fhíochmhar an Tiarna oraibh, sula mbeire lá dhíbheirg an Tiarna oraibh.

titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.

Cuirfidh an Tiarna scaipeadh ort i measc na gciníocha go léir ó cheann ceann na cruinne; agus déanfaidh tú seirbhís ansiúd do dhéithe eile, déithe adhmaid agus cloiche, nárbh eol duit féin ná do do shinsir.

“Ba chóir dom iad a scaipeadh i gcéin,” a déarfainn “agus iad a scrios ó chuimhne daoine,”

Cuirfidh an Tiarna scaipeadh oraibh i measc na gciníocha, agus ní fhágfar ach fuíoll suarach díbh i measc na bpobal dá dtiomáinfidh an Tiarna sibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí