Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 13:22

An Bíobla Naofa 1981

Má deir tú leat féin i do chroí: ‘Cad chuige ar éirigh na nithe seo domsa?’ Is mar gheall ar mhéid d'oilc a ardaíodh do chótaí agus a tugadh ainíde duit.

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

is amhlaidh a dhéanfaidh rí na hAsaíre cimí na hÉigipte agus deoraithe Chúis a chinnireacht ar shiúl leis, idir óg agus aosta, tarnocht agus cosnocht agus másnocht.

Fágfaidh an Tiarna a gcloigeann gearbach agus a náire tarnocht.”

Anois, éist leis seo, a chailín an mhacnais, atá i do shuí go te á rá leat féin i do chroí: “Mise, mé féin amháin! Ní bheidh mise i mo bhaintreach choíche, ná ní dual dom mo chlann a chailliúint.”

Ligfidh mise do chótaí aníos le d'aghaidh, le go mba léir do náire,

“Agus maidir leis na daoine dá ndéanann siad tairngreacht, teilgfear amach iad ar shráideanna Iarúsailéim, íobartaigh an ghorta agus an chlaímh, agus ní bhfaighfidh siad fear a n‑adhlactha, iad féin ná a mná céile, ná a mic, ná a n‑iníonacha. Doirtfidh mise anuas orthu a n‑olc féin.

Agus nuair a déarfaidh siad: ‘Cad chuige a ndearna an Tiarna, ár nDia, na nithe seo linn?’ freagróidh tusa mar seo iad: ‘Faoi mar a thréig sibhse mise agus a rinne sibh fónamh do dhéithe iasachta ar bhur dtailte féin, mar an gcéanna caithfidh sibh fónamh do dhaoine iasachta i ndúiche nach libh féin.’ ”

Pheacaigh Iarúsailéim go trom; dá dheasca sin is neamhghlan í anois; an dream a thugadh gradam di, maslaíonn siad í; óir, chonaic siad lomnocht í; ach bíonn sise ag caoineadh de shíor agus tugann sí a cúl leo.

Sracfaidh siad do chuid éadaí díot agus sciobfaidh siad do sheoda leo.

Bíonn meá mhealltach ina láimh aici, ag an gCanán; is breá léi éagóir a dhéanamh.

Níor aithin sí gur mise a thug di an t‑arbhar agus an t‑úrfhíon agus an ola nua, agus a bhronn uirthi an fhlúirse airgid agus óir, as a ndearna siad Bálaím.

Abraigí mar sin le bhur ndeartháireacha: “A phobal liom, agus le bhur ndeirfiúracha: “A mhuirnín.”]

nó mura ndéanfaidh, bainfidh mé a cuid éadaigh go léir di agus fágfaidh mé í mar a bhí sí an lá a rugadh í, agus déanfaidh mé fásach di, agus beidh sí ina talamh tirim, agus maróidh mé í le tart.

féach, táimse i d'aghaidh, a deir Tiarna na Slua. Tógfaidh mé suas do sciortaí chomh hard le d'aghaidh agus taispeánfaidh mé do nochtacht do na náisiúin agus do náire do na ríochtaí.

An tráth sin cuardóidh mé Iarúsailéim le lóchrainn agus smachtóidh mé na daoine sin atá ag dul i raimhre ar a ndeascadh agus a deir ina gcroí istigh: ‘Ní féidir leis an Tiarna dada a dhéanamh, olc maith ná donaí.’

Agus má deir tú i do chroí: ‘Conas a aithneoimid an briathar nár labhair an Tiarna?’ -

“Má bhuaileann sé isteach i do chroí a rá: ‘Is líonmhaire na ciníocha seo ná mé; conas a chuirfinn as seilbh iad?’

Seachain agus ná habair i do chroí istigh: ‘Is é mo chumas féin agus neart mo láimhe a ghnóthaigh an saibhreas seo dom.’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí