San am sin, bhí an Tiarna tar éis labhairt trí mhinistreacht Íseáia mhic Ámóz. Dúirt sé leis: “Gabh agus scaoil an t‑éadach róin atá thart ar do choim agat agus bain na cuaráin de do chosa.” Rinne sé amhlaidh agus bhí sé ag gabháil thart tarnocht agus cosnocht.
“Ach tusa, a mhic an duine, éist lena ndeirim leat; ná bí ceannairceach mar an dream ceannairceach úd; oscail do bhéal agus caith siar a dtugaim duit.”