“Abair leis an bpobal seo: ‘Is féidir aon chrúsca a líonadh le fíon.’ Agus má fhreagraíonn siad thú: ‘Nach fios dúinne go deimhin gur féidir aon chrúsca a líonadh le fíon?’
Óir díreach mar a theannann an crios le com duine, is mar sin ba rún domsa teach Iúdá uile a theannadh liomsa - an Tiarna a labhraíonn - go mbeidís ina bpobal agam, ina nglóir, ina n‑onóir, ina moladh agam. Ach níor éist siad.’
séard a déarfaidh tusa leo: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Líonfaidh mé anois áitritheoirí uile na tíre seo le meisce, na ríthe a shuíonn i ríchathaoir Dháiví, na sagairt agus na fáithe, agus muintir uile Iarúsailéim.