Irimia 13:10An Bíobla Naofa 1981An pobal dona seo a dhiúltaíonn mo bhriathar a éisteacht, a imíonn de réir comhairle a gcruachroí féin, a chuaigh i ndiaidh déithe eile, a dhéanamh freastail orthu agus á n‑adhradh, bídís ar nós an chreasa seo, gan mhaith. Féach an chaibidil |
Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé uafás díot, tú féin agus do chairde uile; titfidh siad le claíomh a naimhde; feicfidh do shúile féin é sin. Tabharfaidh mé Iúdá uile freisin i láimh rí na Bablóine; tabharfaidh sé i mbraighdeanas iad chun na Bablóine agus maróidh sé iad leis an gclaíomh.
Chuir mé chugaibh mo sheirbhísigh uile, na fáithe, go minic agus go himpíoch á rá: Filleadh gach aon fhear agaibh óna dhrochshlí, agus leasaigí bhur ngníomhartha agus ná himígí i ndiaidh déithe eile á n‑adhradh; fanfaidh sibh mar sin ar an talamh a thug mise daoibh féin agus do bhur n‑aithreacha. Ach ní éistfeadh sibh liom.
Féachaigí chuige nach ndiúltóidh sibh éisteacht leis an té atá ag labhairt libh. Óir más rud é nár éalaigh na daoine sin slán a dhiúltaigh éisteacht leis an té a thug foláireamh dóibh ar talamh is lú go mór ná sin an chaoi éalaithe a bheidh againne má thugaimid ár gcúl leis an té a thugann foláireamh dúinn ó neamh.