Ach tar éis dom iad a tharraingt amach beidh trua agam dóibh agus tabharfaidh mé ar ais iad, gach uile dhuine chun a oidhreachta, gach aon duine chun a dhúiche.
ach: ‘Go maire an Tiarna a thug clann Iosrael as an tír thuaidh agus as gach uile thír inar dhíbir sé iad.’ Tabharfaidh mise ar ais iad go dtí an fearann céanna a thug mise dá sinsir.
Cuirfidh mé mo shúile orthu ar mhaithe leo agus tabharfaidh mé ar ais don dúiche seo arís iad. Tógfaidh mé iad agus ní leagfaidh mé anuas iad, cuirfidh mé i dtalamh iad agus ní tharraingeoidh mé aníos iad.
Beidh mise ar fáil agaibh - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais bhur gcuid daoibh, agus cruinneoidh mé sibh as na ciníocha uile agus as gach uile áit ar dhíbir mé sibh, an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mé ar ais sibh chun na háite as ar ruaig mé sibh.
Éirigh, mar sin, agus fógair na briathra seo leis an taobh ó thuaidh: Fill, a Iosrael mhídhílis - is é an Tiarna a labhraíonn. Ní bheidh strainc orm leat feasta, óir táim trócaireach - is é an Tiarna a labhraíonn. Ní choinneoidh mé mo racht go síoraí.
Nuair a thiocfaidh an t‑am sin gairfear de Iarúsailéim: ‘Ríchathaoir an Tiarna’; cruinneoidh na ciníocha uile chuici in ainm an Tiarna, agus ní shiúlfaidh siad níos mó de réir spreagadh a ndroch-chroí féin.
Má mhionnaíonn tú: ‘Go maire an Tiarna’ go fírinneach, go fíréanta agus go macánta, beannóidh na ciníocha iad féin ionat, agus is ionat a bheidh a nglóir.”
Cuirfidh mé bail ar mo phobal Iosrael athuair; tógfaidh siad na cathracha scriosta agus cónóidh siad iontu; cuirfidh siad fíniúna agus ólfaidh siad a bhfíon; saothróidh siad gairdíní agus íosfaidh siad dá dtorthaí.
nó go socraí an Tiarna bhur mbráithre faoi mar a shocraigh sé sibhse, agus go bhfaighe siadsan leis seilbh ar an bhfearann atá an Tiarna, bhur nDia, á thabhairt dóibh ar an taobh eile den Iordáin; fillfidh sibh ansin, gach duine chun an fhearainn a thug mé dó.’
ansin tabharfaidh an Tiarna do Dhia do chonách ar ais, agus beidh trua aige duit agus cruinneoidh sé thú arís ó na pobail go léir mar ar scaip an Tiarna do Dhia thú.