Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 12:13

An Bíobla Naofa 1981

Cruithneacht a chuir siad i dtalamh, ach baineann siad dreas. Chuir siad iad féin chun saothair, ach ba é an saothar in aisce é. Loiceann barraí an fhómhair orthu, mar gheall ar fhearg an Tiarna.”

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Thug sé a phobal féin don chlaíomh le teann feirge in aghaidh a oidhreachta.

Cén fáth a gcaitheann sibh airgead air rud nach arán é, agus luach bhur saothair ar rud nach bhfuil sásamh ann? Éistigí liomsa agus beidh sólaistí le hithe agaibh agus beidh taitneamh á bhaint agaibh as togha an bhia.

Mise, an Tiarna, scrúdaím an croí, dearbhaím na duáin, a thabhairt do gach aon fhear de réir a iompair agus de réir toradh a ghníomhartha.

D'amharc mé, agus, féach, bhí an dúiche choillteach ina fásach, bhí a bailte uile scriosta, i bhfianaise an Tiarna, i bhfianaise a fheirge fíochmhaire.

Meallann gach aon acu a chéile, ní labhraíonn siad an fhírinne. Mhúin siad dá dteanga bréaga a rá, tá siad truaillithe agus níl aithrí ag teacht leo.

Gaoth a síol, gála a bhfómhar! Ní rachaidh an geamhar i ndias dóibh, ná ní thabharfaidh sé plúr; agus má thugann féin is eachtrannaigh a íosfaidh é.

ansin is mar seo a dhéanfaidh mé libh. Scaoilfidh mé uafás tobann oraibh, díth agus fiabhras a chnaíonn na súile agus a thraochann anáil na beatha. Cuirfidh sibh síol in aisce, óir is iad bhur naimhde a íosfaidh é.

Meilfidh sibh bhur neart in aisce; ní thabharfaidh bhur dtalamh a thoradh uaidh, ná bhur gcrainn a gcnuas.

Cuirfidh tú síol ach ní bhainfidh tú fómhar; satlóidh tú caora olóige ach ní ungfaidh tú thú féin leis an ola choíche; pasálfaidh tú caora fíniúna ach ní ólfaidh tú braon den fhíon.

Nach é toil Dhia na Slua é gur le haghaidh na tine a bhíonn na náisiúin ag tiaráil? agus gur saothar in aisce é saothar na gciníocha.

Chuir sibh mórán ach níor bhain sibh ach an beagán; itheann sibh ach ní bhfaigheann aon duine agaibh a sháith; ólann sibh ach ní mhúchtar bhur dtart; cuireann sibh éadach oraibh féin ach ní bhíonn aon duine agaibh te teolaí; an té a thuilleann tuarastal is lena a chur i sparán pollta a thuilleann sé é.”

Bhí sibh ag súil le mórán, ach is amhlaidh nach bhfuair sibh ach an beagán; nuair a thug sibh an fómhar isteach shéid mise air. Cén fáth sin, a deir Tiarna na Slua? De bhrí go bhfuil mo theachsa ina fhothrach fad a bhíonn gach uile dhuine agaibhse ag déanamh cúraim dá theach féin.

Agus cad é an toradh a bhíodh agaibh an uair sin ar nithe ar náir libh anois iad? Mar is é an bás a ndeireadh siúd.

Scaipfir síol go flúirseach san ithir, ach is beag fómhar a chruinneoidh tú di, óir alpfaidh an lócaiste é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí