le go gcomhlíonfar an mionn a thug mé do bhur n‑aithreacha, fearann a thabhairt dóibh le mil agus le bainne ina slaoda - mar atá sé inniu.” D'freagair mise: “Déanfaidh mé sin, a Thiarna.”
Dá bhrí sin, nuair a thabharfaidh an Tiarna isteach tú i dtír na gCanánach, agus na Hiteach, agus na nAmórach, agus na Hiveach, agus na Iabúsach, an tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé do d'aithreacha, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, bíodh an tseirbhís seo agat an mhí seo.
Déanfar áit adhlactha de Thoifit, d'uireasa spáis. Is amhlaidh sin a dhéanfaidh mé leis an áit seo - an Tiarna a labhraíonn. Agus déanfaidh mé an chathair seo mar Thoifit.
“Bíodh sé amhlaidh,” a dúirt Irimia fáidh. “Go gcomhlíona an Tiarna an tairngreacht a rinne tú, soithí Theampall an Tiarna agus na deoraithe uile a thabhairt ar ais ón mBablóin go dtí an áit seo.
Tá sé ráite agam libh cheana: Beidh a dtír mar oidhreacht agaibh, agus tabharfaidh mé seilbh daoibh air, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda. Mise an Tiarna bhur nDia a scar sibh ó na ciníocha seo.
Éist mar sin a Iosrael agus féach chuige go gcuirfidh tú i ngníomh na nithe a chuirfidh conách agus rath go hiomarcach ort, faoi mar a gheall an Tiarna Dia do shinsear duit i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.