Imíodh bailte Iúdá agus áitritheoirí Iarúsailéim agus éimhidís ar na déithe dá loscann siad túis, ach ní cabhair iad siúd in aon chor dóibh in am a n‑anó.
Bailígí timpeall, tagaigí, cruinnigí uile le chéile, sibhse a mhair de na ciníocha! Níl eolas ar bith acu siúd a bhfuil a n‑íol adhmaid á iompar thart acu, ná acu siúd a bhíonn ag glaoch ar dhia nach bhfuil an slánú ar a chumas.
Tógann siad suas ar a nguaillí agus iompraíonn siad é, cuireann siad é san ionad ar dual dó seasamh ann. As an ionad ina bhfuil sé ní féidir leis bogadh. An té a ghlaonn air, ní thugann sé freagra dó, óna thrioblóid ní fhéadann sé a shábháil.
Ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal mise! Loscann siad a dtúis do neamhní! D'imigh a gcosa uathu ar a slí dóibh, ag gabháil na seanbhóithre, ag siúl dóibh sna cosáin chama, ar bhealaí gan aon mhéar ar eolas.
Cá bhfuil na déithe sin leat a rinne tú duit féin? Éirídís siúd, má fhéadann siad do shábháil in am do bhuartha! Óir ní lia bailte agat, a Iúdá, ná déithe; ní lia sráideanna ag Iarúsailéim ná altóirí ag Bál.
trí mise a bhrostú chun feirge le hoibreacha bhur lámha féin, ag loscadh túise do dhéithe eachtrannacha i dtír na hÉigipte, áit ar tháinig sibh a chónaí, do bhur mbascadh féin, le go mbeadh sibh mar mhallú agus mar cheap magaidh i measc ciníocha an domhain?