Irimia 10:25An Bíobla Naofa 1981Doirt amach do dhíbheirg ar na náisiúin nach dtugann aithne duit, agus ar na ciníocha nach ngaireann ar d'ainm, óir d'ith siad Iacób agus shlog siad é, agus rinne siad a áitreabh uaigneach. Féach an chaibidil |
“Ar an ábhar sin,” a deir an Tiarna, “fan liom go dtí an lá a seasfaidh mé suas i mo chúiseoir; mar tá sé socair agam na náisiúin a chruinniú, na ríochtaí a thabhairt i gceann a chéile chun go ligfidh mé mo racht amach orthu, mo chuid feirge fíochmhaire go léir. Go deimhin, ídeofar an domhan go léir le tine mo chuid éada.