Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 10:24

An Bíobla Naofa 1981

Ceartaigh sinn, a Thiarna, go mín, ní i bhfeirg, ar fhaitíos go ndéanfaí neamhní dínn.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Téann na carbháin as a mbealach á lorg, Imíonn siad faoin bhfásach, agus cailltear iad.

Salm Dháiví. Mar chuimhneachán.

Do stiúrthóir an chóir. Le gléasanna téad. Ar chláirseach na n‑ocht dtéad. [Salm le] Dáiví.

A Thiarna, ná lochtaigh mé i d'fhearg agus ná cuir pionós orm is tú ar buile chugam.

Ná ní dhéantar arbhar an aráin a bhrú go hiomlán; an té a thiomáineann rothaí na cairte air, buaileann sé amach é, ach ní dhéanann sé a bhrú.

Cuireann sé na huachtaráin ó chrích, agus breithiúna na talún ar neamhní.

Óir táimse in éineacht leat, do do shábháil. Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uile mar ar scaip mé thú; ní chuirfidh mé críochnú ortsa, ach smachtóidh mé thú go measartha, le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.

Ná bíodh eagla ort, a shearbhónta liom, a Iacóib, - an Tiarna a labhraíonn - óir táimse leat. Cuirfidh mé deireadh leis na ciníocha uile mar ar scaip mé thú. Ní chuirfidh mé deireadh leatsa, ach smachtóidh mé thú go measartha, le nach bhfágfaidh mé ar fad gan pianadh thú.”

Tá cloiste agam, a Thiarna, i dtaobh d'éachtaí; a Thiarna, cuireann do chuid oibre eagla orm. Déan arís í lenár linn féin; lenár linn féin nocht dúinn í athuair. D'ainneoin tú a bheith suaite le fearg cuimhnigh ar an trócaire a dhéanamh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí