Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 10:23

An Bíobla Naofa 1981

Is maith atá a fhios agat, a Thiarna, nach ann féin atá slí duine, ná ní sa duine a shiúlann atá díriú a choiscéimeanna.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Ghreamaigh mo chéimeanna go daingean de do shlite, ní dheachaigh mo chosa ar fán ná ar fuaidreamh.

Stiúrann an Tiarna coiscéimeanna an duine agus déanann slí an té is geal leis sábháilte.

Déanann croí an duine an beartú; ach sé an Tiarna a thugann an freagra.

Beartaíonn duine a chúrsa ina chroí ach sé an Tiarna a threoraíonn a chéimeanna.

Treoraíonn an Tiarna céimeanna an duine; conas más ea is féidir dó a bhealach a thuiscint?

Bíodh aird agat air siúd cibé cúrsa ar a mbíonn tú, agus féachfaidh sé chuige go mbeidh do chosáin réidh.

Is díreach bealach an fhíréin, réitíonn tú bóthar díreach don fhíréan.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí