ach anois tá mo bhoth scriosta, mo rópaí uile briste, d'imigh mo chlann mhac uaim agus níl siad ann; níl duine fágtha agam a shínfidh mo bhoth an athuair, ná a chrochfaidh na scáthéadaí taoibhe.”
Chuir mé mo chuid focal i do bhéal, ar scáth mo láimhe chuir mé i bhfolach thú, nuair a spréigh mé amach na spéartha agus chuir mé bun faoin tálamh agus dúirt le Síón: “Is tú mo phobal.”
Níl agat feasta chun tú a chinnireacht duine ar bith den chlann mhac a shaolaigh tú, ná chun tú a choinneáil suas lena láimh duine ar bith den chlann mhac a thóg tú.
Ach casfaidh mise do shláinte ar ais chugat, agus leigeasfaidh mé do chréachtaí - an Tiarna a labhraíonn. Óir ghairidís ‘An Díbeartach'díot, ‘Éadáil linn ar cuma le haon duine í!’
Ag a naimhde atá an ceannas; tá a heascairde uile faoi rath; óir tá an Tiarna tar éis í a chiapadh de dheasca oll-líon a peacaí; tá a leanaí imithe ina gcimí os comhair a namhad amach.