Ar an uair sin tagann ionadh agus alltacht ar gach aon duine, deargann gach órcheard mar gheall ar íol a lámh, óir is bréaga a chuid íol gan puth anála iontu.
Is amhlaidh a bheidh náire ar fhíréin na deilbhe sin agus ceann faoi ar lucht a déanta. Bailíodh siad le chéile agus seasadh siad amach. Beidh idir uamhan agus náire orthu le chéile.
Is taibhsí préachán iad i ngarraí mealbhacán, agus balbh dá réir; is éigean a n‑iompar, ó tharla gan siúl acu. Ná bígí eaglach rompu: ní thig leo olc a dhéanamh ná fós, an mhaith!”
Ach nuair a d'éiríodar go moch lá arna mhárach, ba shiúd é Dágón béal faoi arís ar an urlár os comhair áirc an Tiarna, agus ceann Dhágón agus a dhá láimh briste de agus caite ar an tairseach; ní raibh fágtha de ach cabhail Dhágón.