Tháinig sé mar an gcéanna i laethanta Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, go deireadh an aonú bliain déag de Zidicíá mac Ióisíá, rí Iúdá, go breith Iarúsailéim ar shiúl i mbraighdéanas sa chúigiú mí.
Rinne Forann Neaco rí de Eiliácaím mac Ióisíá in áit Ióisíá a athair, agus d'athraigh sé a ainm go Iahóiácaím. Ach rug sé Iahóácház leis agus thug chun na hÉigipte é mar a bhfuair sé bás.
An briathar a tháinig go Irimia nuair a bhí Nabúcadnazar agus a shlua uile agus ríochtaí an domhain uile faoina thiarnas agus an uile phobal ag cur cogaidh ar Iarúsailéim agus ar a bailte máguaird:
“Tóg thusa scrolla agus scríobh ann na briathra uile dár labhair mise leat i dtaobh Iarúsailéim agus Iúdá agus an uile chine ón lá ar labhair mé i dtús leat go dtí inniu.
“Abair é seo le muintir uile na tíre agus leis na sagairt: ‘Nuair a dhéanadh sibh troscadh agus caoineadh sa chúigiú agus sa seachtú mí le seachtó bliain anuas, an ar mo shonsa a dhéanadh sibh é?
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Beidh troscadh an ceathrú agus an cúigiú agus an seachtú agus an deichiú mí ina n‑ábhar áthais agus lúcháire agus ina bhféilte aoibhnis do theaghlach Iúdá. Dá bhrí sin, gráigí an fhírinne agus an tsíocháin.”