Ansin tháinig an fáidh Íseáia go dtí Hiziciá rí agus d'fhiafraigh de: “Cad dúirt na fir seo, agus cad as ar thángadar?” D'fhreagair Hiziciá: “Thángadar ón imigéin, ón mBablóin.”
Chuir muintir Ghibeón scéala chun Iósua ina champa i nGilgeál á rá: “Ná tréig do shearbhóntaí; brostaigh anseo aníos chugainn chun sinn a fhuascailt agus fóirithint orainn mar go bhfuil ríthe na nAmórach go léir atá ag cur fúthu sna hardáin cruinnithe le chéile inár n‑aghaidh.”
Fad a bhí muintir Iosrael ag cur fúthu i gcampa i nGilgeál, choimeádadar an Cháisc ar an gceathrú lá déag den mhí, um thráthnóna, ar mhachairí Ireachó.
ar a gcosa bhí seanchuaráin chaite le cliatha iontu, agus an t‑éadach a bhí orthu bhí sé dreoite; an t‑arán go léir a bhí acu bhí sé briosc agus snas air.