Ach dúirt Abrám le Sáraí: “Féach, tá d'ionailt faoi do smacht féin. Déan do rogha rud léi!” Chrom Sáraí ar í a chiapadh dá bhrí sin agus theith sí uaithi.
Dúirt Dáiví le Gád: “Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitimis i láimh an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, agus gan mé a thitim i lámha daoine.”
Dá bhrí sin sheol reachtaire an pháláis, agus rialtóir na cathrach, na sinsir agus an lucht altrama scéala go dtí Iéahú: “Searbhóntaí de do chuid sinne; déanfaimid cibé rud a ordóidh tú dúinn; ní dhéanfaimid rí d'aon duine; déan mar is áil leat.”
Bhí colg orm chuig mo mhuintir, agus d'fhág mé smál ar m'oidhreacht. Lig mé isteach i do lámhasa iad, ach ní dhearna tú trua dá laghad díobh. Ar an seanduine bhuail tú anuas do chuing go róthrom.
Ansin tháinig sé go muintir Shucót agus dúirt leo: “Seo iad Zeaba agus Zalmuná a ndearna sibh achasán a chaitheamh liom ina dtaobh, á rá: ‘Arán a thabhairt do d'arm traochta! An ea go bhfuil greim agat cheana féin ar Zeaba agus Zalmuná?’ ”