Chuir Iósua fios ar [mhuintir Ghibeón] agus d'fhiafraigh sé díobh: “Cad ab áil libh dár mealladh á rá go raibh cónaí oraibh i bhfad ó bhaile uainn nuair is anseo inár measc atá cónaí oraibh?
Ar maidin, féach, is í Léá a bhí ann. Dúirt Iacób le Lábán: “Céard é seo atá déanta agat orm? Nach ar son Ráchael a rinne mé seirbhís duit? Cén fáth dá bhrí sin gur mheall tú mé?”
Ach faoi mar a mheall an nathair nimhe Éabha lena chuid glicis tráth, is é eagla atá orm go gclaonfar bhur smaointe agus go dtréigfidh sibh bhur nglandílseacht do Chríost.