Dúirt ár seanóirí agus muintir ár dtíre go léir linn: ‘Tógaigí lón libh don aistear, agus téigí ina n‑airicis agus abraigí leo: “Seirbhísigh daoibh sinne: seo anois, déanaigí conradh linn.’ ”
Dá bhrí sin sheol reachtaire an pháláis, agus rialtóir na cathrach, na sinsir agus an lucht altrama scéala go dtí Iéahú: “Searbhóntaí de do chuid sinne; déanfaimid cibé rud a ordóidh tú dúinn; ní dhéanfaimid rí d'aon duine; déan mar is áil leat.”
‘Ullmhaígí lón daoibh féin. Faoi cheann trí lá rachaidh sibh thar Iordáin anseo ar an tslí isteach chun seilbh a fháil ar an tír atá an Tiarna bhur nDia a thabhairt daoibh in bhur seilbh.’ ”
Siúd é ár n‑arán. Bhí sé te fós nuair a thógamar linn ónár dtithe é mar lón bóthair an lá a chuireamar chun siúil chun teacht in bhur láthair; ach anois féach go bhfuil sé briosc agus snas air.