Iósua 9:1An Bíobla Naofa 1981Na ríthe go léir ar an taobh seo den Iordáin agus ar na hísleáin, ar an bhfeorainn ar feadh na Farraige Móire i dtreo na Liobáine, na Hitigh, na Hamóraigh, na Canánaigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh - nuair a chualadar ina thaobh seo, Féach an chaibidil |
nó go dtugann an Tiarna suaimhneas do bhur mbráithre chomh maith libh féin agus go ngabhfaidh siadsan leis seilbh ar an bhfearann atá an Tiarna bhur nDia a thabhairt dóibh; ansin fillfidh sibh ar bhur bhfearann dílis agus seilbh a ghabháil air, an fearann a thug Maois óglach an Tiarna daoibh lastoir den Iordáin.”
Nuair a chuala ríthe na nAmórach a bhí sa dúiche laistiar den Iordáin agus ríthe uile na gCanánach a bhí ar fheorainn na farraige gur thriomaigh an Tiarna uiscí na Iordáine do phobal Iosrael, nó go rabhadar gafa anonn, tháinig beaguchtach orthu agus níor fhan aon mhisneach a thuilleadh acu de bharr chlann Iosrael.