Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 8:7

An Bíobla Naofa 1981

agus tiocfaidh sibhse as bhur luíochán agus gabhfaidh sibh an chathair, óir tabharfaidh an Tiarna bhur nDia ar láimh daoibh í.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Ba é Námán ceannfort arm rí Arám, agus bhí ard mheas agus gean ag a mháistir air mar is tríd a shaor an Tiarna Arám. Ba chalma an laoch gaile agus ba shaibhir an fear é, ach bhí sé ina lobhar.

Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat. Beir leat na fir chogaidh go léir agus suas leat go Háí. Seo é rí Háí agus a mhuintir agus a chathair agus a fhearann curtha faoi do láimh agam.

Rachaidh siadsan sa tóir orainn agus meallfaimid ón gcathair iad agus iad á rá: ‘Tá siad ag teitheadh uainn mar a rinneadar an uair dheireanach.’ Teithfimidne rompu, más ea,

Nuair a bheidh an chathair gafa agaibh, cuirigí trí thine í de réir aithne an Tiarna. Féachaigí chuige go ndéanfaidh sibh mar a d'ordaigh mé daoibh.”

Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna arís agus d'fhreagair an Tiarna: “Imigh leat! Gabh síos go Ceíleá mar cuirfidh mise na Filistínigh faoi do bhois.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí