Rachaidh siadsan sa tóir orainn agus meallfaimid ón gcathair iad agus iad á rá: ‘Tá siad ag teitheadh uainn mar a rinneadar an uair dheireanach.’ Teithfimidne rompu, más ea,
‘Rachaidh mé sa tóir orthu, agus béarfaidh mé orthu,’ arsa an namhaid. ‘Déanfaidh mé an chreach a dháil; sásófar mo chroí léi. Tarraingeoidh mé mo chlaíomh, agus scriosfaidh mo dheaslámh iad.’
Óir ní eol don duine a ionú féin; mar éisc a cheaptar i líon fealltach, nó mar éin a mbeirtear orthu i gcliabhán, sin mar a ghabhtar daoine nuair a thagann uair an mhí-áidh orthu go tobann.
Rachaidh mise agus a bhfuil de dhaoine i mo theannta faoi dhéin na cathrach; nuair a thiocfaidh siadsan amach inár gcoinne mar a rinneadar an chéad uair, teithfimid uathu.
Dúirt clann Bhiniáimin leo féin: “Tá siad ag imeacht ina raon madhma romhainn, mar a rinneadar cheana.” Ach sé dúirt arm Iosrael: “Teithimis rompu, agus meallaimis ón gcathair iad ar feadh na mbóithre.