Fad a bhí Eazrá ag guí agus ag admháil peacaí le deora agus é faon ar lár os comhair Theampall an Tiarna, chruinnigh slua mór Iosraelach ina thimpeall idir fhir agus mhná agus leanaí, agus iad ag gol go goirt.
Thug Eazrá an sagart leabhar an dlí amach go dtí an comhthionól d'fhir agus de mhná agus de dhaoine óga a d'fhéadfadh é a thuiscint. An chéad lá den seachtú mí a bhí ann.
Agus ansin sa chearnóg os comhair Gheata an Uisce léigh sé giotaí as i láthair na bhfear agus na ndaoine óga a d'fhéadfadh é a thuiscint ó mhaidin go dtí meán lae. D'éist na daoine go léir go haireach le leabhar an dlí.
“Seo mar a deir an Tiarna: ‘Seas i gcúirt Theampall an Tiarna. Le muintir uile chathracha Iúdá a thagann go Teampall an Tiarna a adhradh, abair na briathra uile a d'ordaigh mise duit a labhairt leo; ná fág siolla ar lár.
Cruinnigí an pobal, ordaígí tionól, bailígí na seanóirí, tugaigí na leanaí i gceann a chéile, fiú na naíonáin chíche féin. Imíodh an nuachéile as a sheomra agus an nuachar as a cailleach.
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Sna laethanta sin béarfaidh deichniúr fear as gach náisiún a bhfuil a theanga féin aige, greim ar chiumhais róba gach Giúdaigh, á rá: ‘Lig dúinn dul in éineacht leat, óir chualamar go bhfuil Dia in bhur dteannta.’ ”
Ach nuair a bhí na laethanta caite againn, ghluaiseamar chun bealaigh agus iad go léir agus a gcuid ban agus páistí dár dtionlacan nó go rabhamar lasmuigh den chathair. Chuamar ar ár nglúine ar an trá ag guí,
Tá sibh uile in bhur seasamh anseo inniu i láthair an Tiarna bhur nDia - taoisigh bhur dtreibheanna, bhur seanóirí, bhur scríobhaithe, fir Iosrael go léir,
Cruinnigh an pobal, idir fhir agus mhná agus mhiondaoine agus dheoraí i do bhailte, d'fhonn go gcluinfidh siad agus go bhfoghlaimeoidh siad eagla an Tiarna bhur nDia, agus go gcoimeádfaidh siad agus go gcomhlíonfaidh siad focail uile an dlí seo.