Ar chuala tú? Fadó a chinn mé air agus bheartaigh mé ó na cianta a bhfuil á chur i gcrích anois agam. Ba é do ghnó na cathracha daingne a leagan ar lár ina bhfothracha.
Óir d'fhág tú cathracha ina gcarnáin chloch agus bailte poirt ina gconamar. Ní baile é feasta dúnfort na ndíomasach, ní dhéanfar a atógáil arís go deo.
Uime sin tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - ina dtabharfaidh mise faoi deara caismirt chogaidh a chloisteáil in aghaidh Rabat na nAmónach; beidh sí ina cairn uaigneach, dófar a hiníonbhailte go talamh. Ansin creachfaidh Iosrael lucht a chreachta siúd - an Tiarna a labhraíonn.
Ionsaígí í, an t‑iomlán agaibh le chéile; brisigí agus osclaigí a hiothlanna, cruinnígí an chreach mar charnáin arbhair. Cuirigí faoin mbang í. Ná fágtar aon ní di.
Cruinnigh a maoin go léir ar lár a plásóige poiblí agus loisc le tine an chathair agus a héadáil ar fad, á hofráil mar íobairt loiscthe don Tiarna do Dhia; fágtar í ina leachtán go brách, gan atógáil go deo.
Ná coinnigh siar aon ní dár cuireadh faoi bhang i dtreo go gcasfadh an Tiarna ó fhraoch a fheirge, agus trócaire a dhéanamh ort, trua a bheith aige duit, agus an rath a chur ort mar a mhionnaigh sé do d'aithreacha -
Ansin chuir Iósua dhá chloch déag ina seasamh i leaba na Iordáine, mar ar luigh cosa na sagart a d'iompar an áirc; tá siad ansiúd go dtí an lá atá inniu ann.
Chroch sé rí Háí ar chrann go nóin agus le dul faoi na gréine d'ordaigh sé a chorp a thógáil anuas den chrann. Caitheadh é ansiúd sa bhealach isteach ag geata na cathrach agus tógadh carn mór os a chionn, rud atá ansiúd fós inniu.