Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 8:14

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chonaic rí Háí conas mar a bhí, bhrostaigh sé féin agus a mhuintir go léir, lucht na cathrach, amach go moch ar maidin chun clann Iosrael a ionsaí ar an bhfána i dtreo an Arabá. Ní raibh a fhios aige go rabhthas i luíochán air laistiar den chathair.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Óir ní eol don duine a ionú féin; mar éisc a cheaptar i líon fealltach, nó mar éin a mbeirtear orthu i gcliabhán, sin mar a ghabhtar daoine nuair a thagann uair an mhí-áidh orthu go tobann.

Amadáin chríochnaithe iad, prionsaí Zoan; na comhairleoirí is críonna atá ag Forann, tá siad dobhránta. Conas a leomhann sibh a rá le Forann: “Dalta de chuid na saoithe is ea mise, de shliocht na seanríthe anallód”?

Amadáin iad prionsaí Zoan; tá prionsaí Nof á mealladh féin. Tá an Éigipt ar seachrán acu, ag ceannairí seo a cuid cúigí.

agus gan a fhios acu aon ní gur tháinig an díle agus gur sciob léi iad uile; is mar sin freisin a bheidh téarnamh Mhac an Duine.

tiocfaidh máistir an tseirbhísigh sin lá nach mbíonn súil aige leis agus ar an uair nach eol dó,

Seo iad na briathra a labhair Maois le hIosrael go léir lastall den Iordáin. (San fhásach san Arabá sall ó Shúf idir Párán agus Toifil agus Lábán agus Hazaerot agus Dí Zácháb.

Sin mar a suíodh an slua - campa an phobail lastuaidh den chathair agus lucht an luíocháin laistiar di; chaith Iósua an oíche sin sa ghleann féin.

Lig Iósua agus clann Iosrael go léir orthu go rabhthas á gcloí acu agus theitheadar i dtreo an fhásaigh.

Glaodh ar a raibh sa chathair chun dul sa tóir orthu agus nuair a chuadar sa tóir ar Iósua d'fhágadar an chathair féin gan chosaint.

Rachaidh mise agus a bhfuil de dhaoine i mo theannta faoi dhéin na cathrach; nuair a thiocfaidh siadsan amach inár gcoinne mar a rinneadar an chéad uair, teithfimid uathu.

Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde.

Bhrúcht an lucht luíocháin amach go tapa, agus thugadar faoi Ghibeá, agus d'imríodar faobhar claímh ar lucht na cathrach go léir.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí