Teithfidh míle, agus gan ach duine aonair ag bagairt, bagairt ó chúigear agus teithfidh deich míle, go dtí nach mbeidh fágtha díbh ach mar bheadh cuaille ar bharr cnocáin, mar bheadh comhartha ar mhullach sléibhe.
“Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go mbrisfear ort os comhair do naimhde; rachaidh tú amach ar feadh an aon bhóthair ina n‑aghaidh, ach gabhfaidh tú seacht mbóthar ar teitheadh uathu; beidh tú i do ábhar uafáis ag ríochtaí uile an domhain.
D'fhilleadar ar Iósua agus dúradar leis: “Ná téadh an mhuintir ar fad suas, ach déanadh dhá mhíle nó trí ionsaí ar Háí. Ná cuir ualach an tsaothair sin ar an bpobal ar fad; ní mór díobh siúd ann.”