Ansin dúradar le chéile: “Go deimhin féin tá ár ndeartháir á agairt orainn! Chonaiceamar a bhuaireamh anama agus é ag impí orainn agus gan aon aird againn air. Uime sin a tháinig an buaireamh seo orainn.”
Ansin chuir Forann fios ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt leo: “Admhaím mo pheaca an turas seo! Tá an Tiarna sa chóir agus mise agus mo mhuintir san éagóir.
Ansin dúirt Balám le haingeal an Tiarna: “Rinne mé peaca. Ní raibh a fhios agam go raibh tú i do sheasamh sa tslí orm. Anois más ea, má tá tú i bhfearg liom, rachaidh mé ar ais.”
Nuair a chonaic mé, i measc na creiche, fallaing bhreá ó Shionár, agus dhá chéad seicil airgid, agus barra óir leathchéad seicil, chuir mé dúil iontu agus thóg mé iad. Tá siad i bhfolach, féach, faoin talamh istigh i mo bhoth; tá an t‑airgead in íochtar.”
“Pheacaigh mé,” arsa [Sól], “ach tabhair urraim éigin dom i láthair seanóirí mo phobail agus i láthair Iosrael, agus fill ar ais liom le go ndéanfainn an Tiarna do Dhia a adhradh.”