Thug briathra Hiziciá misneach do na Léivítigh go léir agus thaispeáin siadsan a oilte a bhí siad i seirbhís an Tiarna, agus ar feadh seacht lá d'ith siad a gcuid den fhéile agus d'ofráil siad íobairtí comaoineach le moladh don Tiarna, Dia a sinsear.
Ach cheana, d'admhaíos mo pheaca duit agus níor cheil mé m'urchóid. Dúirt mé: “Admhóidh mé anois mo choir don Tiarna.” Agus thug tú maithiúnas dom ansin: mhaith tú mo pheaca dom.
Tugaigí glóir don Tiarna ár nDia sula mbéarfaidh sé dorchadas anuas, sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha. Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é, déanfar de dorchacht tiubh.
agus loisceadh na daoine le teann teasa, agus mhaslaigh siad ainm Dé a bhfuil cumhacht aige ar na plánna sin, ach ní dhearna siad aithrí agus glóir a thabhairt dó.
Dúirt Sól le Iónátán ansin: “Inis dom a bhfuil déanta agat.” “Ní dhearna mé,” arsa Iónátán, “ach béalóg mheala a ithe de bharr mo bhata a bhí i mo ghlaic agam. Seo anseo mé anois réidh don bhás.”
Ní foláir daoibh dá réir sin dealbha a dheanamh de bhur neascóidí agus dealbha de na lucha atá ag creimeadh bhur dtíre, agus glóir a thabhairt do Dhia Iosrael. Ansin b'fhéidir go mbogfaidh sé a lámh díbh féin, de bhur ndéithe, agus de bhur dtír.