Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 6:9

An Bíobla Naofa 1981

Ghabh an t‑urgharda ar aghaidh roimh na sagairt leis na trumpaí agus tháinig an cúlgharda ar chúl na háirce; bhí na trumpaí dá séideadh gan stad.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Ansin scallfaidh do sholas amach mar an maidneachan agus is gearr go dtaga cneasú ar do chréachtaí. Rachaidh d'fhíréantacht romhat amach agus glóir an Tiarna i do dhiaidh.

Ar deireadh, thiar, mar chúlgharda ar an gcampa uile, chuir bratach champa chlann Dhán chun bealaigh, faoi chóiriú catha; i gceannas ar a slua bhí Aichíeizir mac Aimíseadái;

Thug Iósua an t‑ordú seo leanas don phobal: “Ná déanaigí gáir agus ná bíodh gíocs asaibh ná focal as bhur mbéal go dtí an lá a déarfaidh mé libh: ‘Tógaigí an gháir chatha.’ Ansin tugaigí gáir.”

Ghabh na seacht sagairt ar aghaidh roimh áirc an Tiarna ag iompar na seacht dtrumpa adhairce reithe ag séideadh na dtrumpaí gan stad; ghabh an t‑urgharda rompu amach, agus an cúlgharda i ndiaidh áirc an Tiarna agus na trumpaí á séideadh gan stad.

Rinneadh gach rud mar a d'ordaigh Iósua don phobal: ghabh an seachtar sagart ar aghaidh ag iompar na seacht dtrumpaí adhairce reithe roimh an Tiarna, agus shéideadar a dtrumpaí; ina ndiaidh tháinig áirc chonradh an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí