Iósua 6:4An Bíobla Naofa 1981Iompróidh mórsheisear sagart seacht dtrumpaí d'adharca reithe os comhair na háirce; ar an seachtú lá máirseálfaidh sibh timpeall na cathrach seacht n‑uaire agus séidfidh na sagairt na trumpaí. Féach an chaibidil |
Faighigí, dá bhrí sin, seacht dtarbh agus seacht reithe agus téigí go dtí mo shearbhónta Iób, agus ofrálaigí íobairt uileloiscthe ar bhur son féin; agus déanfaidh mo shearbhónta Iób guí ar bhur son. Éistfidh mé lena impí gan bhur mbaois a agairt oraibh nár inis sibh an ceart fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.”