Timpeall uirthi go léir thíos fúithi, bhí ainmhithe mar a bheadh daimh; ghabh siad timpeall na mara ar feadh tríocha banlámh, agus na daimh ina dhá sraith, agus teilgeadh iad leis an gcuid eile.
Ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhuintir na tíre seo; déanfaimid iad a alpadh. Tá scáil a gcumhdaithe scartha leo, fad tá an Tiarna inár gcoimhdeacht. Na bíodh eagla oraibh rompu.”
Ghabh áirc an Tiarna timpeall na cathrach de réir a orduithe; ní dhearna sí an timpeall ach aon uair amháin; ansin d'fhilleadar ar an gcampa agus chaitheadar an oíche ann.
Iompróidh mórsheisear sagart seacht dtrumpaí d'adharca reithe os comhair na háirce; ar an seachtú lá máirseálfaidh sibh timpeall na cathrach seacht n‑uaire agus séidfidh na sagairt na trumpaí.