Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 6:25

An Bíobla Naofa 1981

Ach Rácháb an striapach, agus líon tí a hathar, agus gach ar bhain léi, thug Iósua anacal anama dóibh agus tá cónaí uirthi in Iosrael go dtí an lá inniu féin, mar gur fholaigh sí na teachtairí a sheol an Tiarna chun Ireachó a bhrath.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

ghin Salmón Boaz ó Ráchab; ghin Boaz Ióibeid ó Rút; ghin Ióibeid Iseái;

Ach cibé duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.’

Trí chreideamh níor maraíodh an striapach Rácháb in éineacht leis na díchreidmhigh mar chuir sí fíorchaoin fáilte roimh na spiairí.

Ba é an dála céanna é ag Rácháb an mheirdreach, nach trí dhea-oibreacha a fíréanaíodh í nuair a ghlac sí leis na teachtairí agus gur sheol amach iad ar mhalairt bealaigh?

Sheol Iósua mac Nún beirt fhear faoi choim ó Shitim mar spiairí á rá leo: “Ar aghaidh libh, breathnaígí an dúiche, go háirithe Ireachó.” Ar aghaidh leo agus chuadar isteach i dteach striapaí darbh ainm Rácháb, agus chuireadar fúthu ann.

Féach nuair thiocfaimidne isteach sa tír déansa an coirdín craorag seo a cheangal den fhuinneog ónar scaoil tú anuas sinn; ní foláir duit d'athair agus do mháthair agus muintir d'athar ar fad a thabhairt leat isteach i do theach.

Ach bhí an bheirt glactha chuici ag an mbean agus ceilte aici; dúirt sí dá bhrí sin: “Sea, tháinig fir chugam go deimhin, ach níorbh eol dom cárbh as dóibh

Ach thug sí suas ar dhíon an tí iad agus chuir i bhfolach iad faoi ghasa lín a bhí leagtha ina sraitheanna aici ar an díon.

Ansin chuir Iósua dhá chloch déag ina seasamh i leaba na Iordáine, mar ar luigh cosa na sagart a d'iompar an áirc; tá siad ansiúd go dtí an lá atá inniu ann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí