Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 6:20

An Bíobla Naofa 1981

Lig an pobal gáir astu agus séideadh na trumpaí. Nuair a chuala an pobal glór an trumpa, ligeadar gáir thréan chatha astu is thit na ballaí ar lár ar an bpointe boise. Thug an pobal faoin gcathair ar an toirt, gach duine ag sá roimhe, agus ghabhadar an chathair.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Chuir sluaite Iúdá a ngáir chatha suas, agus nuair a rinne siad amhlaidh, bhris an Tiarna ar Iarobám agus ar Iosrael go léir roimh Aibíá agus Iúdá.

lá blosctha stoc agus gártha catha in aghaidh bailte daingne agus túr ard coirnéil.

Trí chreideamh thit ballaí Ireachó ar lár tar éis iad a bheith á dtimpeallú ar feadh seacht lá.

Nuair a sheinnfidh siad dord fada ar an adharc reithe, a luaithe a chloisfidh sibh glór an trumpa, ní foláir don phobal go léir gáir thréan chatha a chur astu, agus titfidh balla na cathrach ar lár gan mhoill; ansin ionsóidh an pobal an chathair gach duine ag sá roimhe.”

Nuair a tháinig áirc chonradh an Tiarna isteach sa champa, lig Iosrael go léir gáir mhór astu, a bhain macalla as an talamh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí