Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé in aghaidh na bhFilistíneach, an dtabharfaidh tú i mo láimh dom iad?” D'fhreagair an Tiarna: “Ionsaigh iad! Déanfaidh mé na Filistínigh a thabhairt i do láimh duit go dearfa.”
Chuaigh a sliocht isteach agus ghabh an tír, Agus threascair tú rompu Na Canánaigh, áitritheoirí na tíre, Agus thug tú ar láimh dóibh iad, Idir ríthe agus phobal na tíre, Le déanamh leo mar ab áil leosan.
Tabharfaidh sé a ríthe ar láimh duit agus déanfaidh tú a n‑ainmneacha a scrios ó faoin spéir; fear ní fhéadfaidh seasamh i d'aghaidh nó go mbeidh siad go léir scriosta agat.
agus dúirt sí leis na fir: “Tá a fhios agam gur thug an Tiarna an tír daoibh agus gur bhuail scanradh sinn romhaibh, agus gur thit an lug ar an lag ar dhúchasaigh na tíre romhaibh.
Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat. Beir leat na fir chogaidh go léir agus suas leat go Háí. Seo é rí Háí agus a mhuintir agus a chathair agus a fhearann curtha faoi do láimh agam.
Nach bhfuil greim agaibh ar gach ar bhain Camóis bhur ndia dá sealbhóirí? Tá greim againne chomh maith ar gach ar bhain an Tiarna ár nDia dá sealbhóirí.