Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 5:7

An Bíobla Naofa 1981

Is iad a gclann dá bhrí sin, an mhuintir a thóg sé ina n‑áit, a thimpeallghearr Iósua; bhíodarsan gan timpeallghearradh mar nár timpeallghearradh iad ar an tslí.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

“Ní féidir linn a leithéid a dhéanamh,” ar siad leo, “ár ndeirfiúr a thabhairt le pósadh d'fhear nach bhfuil timpeallghearrtha, mar ba aithis duinn é.

ach Cálaeb mac Iafuna agus Iósua mac Nún.

Bhur miondaoine leis, iad siúd a dúirt sibh a ghabhfaí mar chreach, agus nach bhfuil fios na maitheasa agus an oilc fós acu, rachaidh siadsan ansiúd isteach; tabharfaidh mé dóibh é agus beidh sé ina seilbh acu.

Mar bhí clann Iosrael ar guardal san fhásach ar feadh daichead bliain nó go raibh an pobal go léir tar éis bháis, na fir go léir is é sin, a tháinig as an Éigipt amach a bhí in aois airm a iompar, mar níor éisteadar le glór an Tiarna; thug an Tiarna mionn dóibhsean nach ligfeadh sé dóibh go deo radharc a fháil ar an tír a mhionnaigh an Tiarna dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.

Nuair a bhí timpeallghearradh déanta ar an bpobal ar fad, d'fhanadar mar a raibh acu sa champa nó gur chneasaíodar.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí