Dheighil tú an mhuir rompu; Ghabh siad cosa tirime tríd an mórmhuir. Chaith tú an dream a bhí ar a dtóir isteach sa duibheagán, Mar a dhéanfaí cloch sa chuilithe.
Shín Maois a lámh os cionn na farraige agus thiomáin an Tiarna an fharraige ar ais le gaoth láidir anoir a shéid ar feadh na hoíche, agus rinneadh talamh tirim den fharraige. Dheighil na huiscí óna chéile,
Ghabh eachra Fhorainn isteach san fharraige lena gcarbaid agus lena gcarbadóirí, ach sheol an Tiarna uiscí na farraige siar orthu; shiúil clann Iosrael ar thalamh tirim tríd an bhfarraige.