Nuair a chuirfidh do mhac ceist chugat san am atá romhat: ‘Cén chiall atá leis seo?’ déarfaidh tú leis: ‘Thug an Tiarna amach sinn ón Éigipt, ó theach na daoirse;
mar thriomaigh an Tiarna bhur nDia uiscí na Iordáine romhaibh, nó go raibh sibh gafa thairsti, mar a rinne an Tiarna bhur nDia le Muir na nGiolcach a thriomaigh sé romhainn nó go rabhamar gafa thairsti,
chun cuimhneachán a dhéanamh air seo in bhur measc; nuair a chuirfidh bhur gclann ceist oraibh sna blianta le teacht: ‘Cad é an chiall atá agaibh leis na clocha seo?’