Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 4:18

An Bíobla Naofa 1981

Agus nuair a tháinig na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna aníos as an Iordáin, a luaithe a leagadh boinn chosa na sagart ar an talamh tirim, d'fhill uiscí na Iordáine ar a leaba agus shníodar ar aghaidh mar a dhéanaidís riamh. 18b Tháinig an pobal aníos as an Iordáin ar an deichiú lá den chéad mhí agus shuíodar a gcampa ag Gilgeál lastoir de Ireachó.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Ba cheannairí airm na Gadaigh sin, agus gach duine díobh i gceannas, an té ba shuaraí i mbun céad duine, an té ba mhó i mbun míle.

beidh sí ina tuile ar fud Iúdá, á bhá, agus líonfaidh sí suas go dtí an muineál, agus beidh a sciatháin spréite thar leithead do dhúiche, a Ímeánuéil.”

Na sagairt le háirc chonradh Thiarna an domhain ar fad, a luaithe a leagfaidh siad boinn a gcos ar uiscí na Iordáine, stopfaidh uiscí na Iordáine ina gcúrsa, agus stadfaidh na huiscí uachtair in aon mheall amháin ar a gcúrsa anuas.”

A luaithe a shroich lucht iompair na háirce an Iordáin agus gur bhain cosa na sagart a bhí á hiompar le himeall na n‑uiscí - bíonn an Iordáin ag cur thar a bruacha go léir le linn an fhómhair -

agus nuair a bhí an pobal go léir dulta anonn, ghabh áirc an Tiarna anonn, agus na sagairt ag ceann an phobail.

Thug Iósua an t‑ordú do na sagairt dá bhrí sin: “Tagaigí aníos as an Iordáin.”

Maidir leis an dá chloch déag a tógadh as an Iordáin, chuir Iósua ina seasamh iad i nGilgeál.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí