Nuair a bhí ginealach mhuintir Ghád curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh ar a gcumas airm a iompar.
ach tógfaimid féin airm inár lámha le dul ar aghaidh roimh chlann Iosrael go dtí go dtabharfaimid iad chun na háite atá in áirithe dóibh; fanfaidh ár miondaoine sna cathracha daingne, slán ó mhuintir na tíre.
“Thug mé an t‑ordú seo daoibh an uair sin: ‘Thug an Tiarna bhur nDia an tír seo in bhur seilbh daoibh; ní foláir do bhur lucht gaile go léir airm a ghlacadh agus dul anonn ar cheann bhur mbráithre, clann Iosrael.
Thogh sé an chéad roinn dó féin, mar bhí mír cheannaire in áirithe ansiúd. Tháinig sé mar cheannaire ar an bpobal; aitheanta agus reachtanna córa an Tiarna, chuir sé i bhfeidhm ar Iosrael iad.
Bhur mná, bhur miondaoine, bhur n‑airnéis, fanfaidh siad san fhearann a thug Maois daoibh, taobh thall den Iordáin; ach gach fear in bhur measc a iompraíonn airm, rachaidh siad anonn faoi airm os comhair bhur mbráithre agus cabhróidh siad leo,