Iósua 3:3An Bíobla Naofa 1981agus thug na treoracha seo don phobal: “Nuair a fheicfidh sibh áirc chonradh an Tiarna bhur nDia agus na sagairt Léivíteacha á hiompar, ní foláir daoibh imeacht ó bhur stáitse agus í a leanúint Féach an chaibidil |
Nuair a bheidh deireadh ag Árón agus ag a chlann ag clúdach nithe naofa uile an tsanctóra agus a ngréithe uile agus an campa á scor, tagadh clann Chohát chun an t‑ualach a iompar ach gan baint leis na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás. Sin iad na nithe i mBoth na Teagmhála atá le hiompar ag clann Chohát.