Iósua 3:17An Bíobla Naofa 1981Na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna, sheasaíodar ar thalamh tirim i lár na Iordáine agus lean clann Iosrael go léir orthu anonn cos tirim nó go raibh an abhainn curtha díobh ag an gcine go léir. Féach an chaibidil |
Nuair a chuala ríthe na nAmórach a bhí sa dúiche laistiar den Iordáin agus ríthe uile na gCanánach a bhí ar fheorainn na farraige gur thriomaigh an Tiarna uiscí na Iordáine do phobal Iosrael, nó go rabhadar gafa anonn, tháinig beaguchtach orthu agus níor fhan aon mhisneach a thuilleadh acu de bharr chlann Iosrael.