Go luath ar maidin d'éirigh Iósua agus scoir an campa agus ar aghaidh leis ó Shitím agus muintir Iosrael go léir fairis. Shroicheadar bruach na Iordáine agus shuíodar campa ann roimh dhul anonn.
D'éirigh Abrahám go moch ar maidin dá bhrí sin agus fuair sé arán agus seithe uisce agus thug do Hágár iad; d'ardaigh sé an leanbh ar a gualainn agus chuir chun siúil í. D'imigh sí léi agus bhí ar seachrán ar fud fásaigh Bhéar Seaba.
D'éirigh Abrahám go moch ar maidin, chuir an diallait ar an asal, rug leis beirt dá shearbhóntaí agus a mhac Íosác. Ghearr sé an t‑adhmad don íobairt dhóite agus chuir chun bealaigh i dtreo na háite a dúirt Dia leis.
“Le trí bliana agus fiche, ón treas bliain déag de réimeas Ióisíá mac Ámón, rí Iúdá, go dtí inniu, tháinig briathar an Tiarna chugamsa agus labhair mé libhse gan scor (ach níor éist sibh.
Agus anois, de bhrí go ndearna sibh na peacaí seo uile - an Tiarna a labhraíonn - agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht nuair a labhair mé go moch agus go mall, agus nár fhreagair sibh nuair a ghlaoigh mé oraibh,
Cuimhnigh ansin ar a raibh beartaithe ag Bálác, rí Mhóáb, agus ar an bhfreagra a thug Balám mac Bheór air agus tú ag gluaiseacht ó Shitím go Gilgeál chun go dtuigfidh tú na gníomhartha slánaitheacha a rinne mé.”
Sheol Iósua mac Nún beirt fhear faoi choim ó Shitim mar spiairí á rá leo: “Ar aghaidh libh, breathnaígí an dúiche, go háirithe Ireachó.” Ar aghaidh leo agus chuadar isteach i dteach striapaí darbh ainm Rácháb, agus chuireadar fúthu ann.
Ar an seachtú lá d'éiríodar go moch ar bhreacadh an lae agus mháirseáladar seacht n‑uaire timpeall na cathrach ar an tslí chéanna: ar an lá sin amháin a mháirseáladar seacht n‑uaire.
D'éirigh Dáiví go moch ar maidin, d'fhág aoire i bhfeighil na gcaorach, d'ardaigh leis an lón, agus d'imigh mar a d'ordaigh Ieise dó. Tháinig sé go dtí an longfort agus an slua ag dul amach chun a láithreacha troda, agus an gháir chatha á cur in airde acu.