Iósua 24:7An Bíobla Naofa 1981Nuair a ghlaoigh siad ar an Tiarna ansiúd, chuir sé scamall dorcha idir sibh agus na hÉigiptigh agus thug ar an muir teacht anuas sa mhullach orthu agus iad a bhá. Chonaic sibh a ndearna mé ar an Éigipt le bhur súile cinn féin, agus mhair sibh san fhásach ar feadh i bhfad. Féach an chaibidil |
Mar bhí clann Iosrael ar guardal san fhásach ar feadh daichead bliain nó go raibh an pobal go léir tar éis bháis, na fir go léir is é sin, a tháinig as an Éigipt amach a bhí in aois airm a iompar, mar níor éisteadar le glór an Tiarna; thug an Tiarna mionn dóibhsean nach ligfeadh sé dóibh go deo radharc a fháil ar an tír a mhionnaigh an Tiarna dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.