Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 24:31

An Bíobla Naofa 1981

Rinne Iosrael fónamh don Tiarna i gcaitheamh shaol Iósua, agus shaol na seanóirí a mhair níos déanaí ná é, agus a raibh eolas acu ar na héachtaí go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe le hIosrael.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Bhí a lán log pice i nGleann Shidím, agus ag teitheadh do ríthe Shodom agus Ghomorá, thit chuid díobh isteach iontu agus theith an chuid eile chun na gcnoc.

Rinne Ióáis an ceart i bhfianaise an Tiarna an dá lá dhéag agus an fad a mhair Iahóideá an sagart.

Scuab Ióisíá chun siúil gach gráinniúlacht a bhí ar fud na gcríoch go léir a bhain le clann Iosrael. Rinne sé deimhin de i gcaitheamh a shaoil ar fad go ndearna gach duine in Iosrael seirbhís don Tiarna a nDia. Níor theip orthu an Tiarna, Dia a sinsear, a leanúint.

“Tá a fhios agam nuair a bheidh mise imithe go dtiocfaidh in bhur measc faolchúnna craosacha nach mbeidh trua ná taise don tréad acu.

Bíodh a fhios agat inniu féin, gur tusa, agus nach iad bhur gclann, a fuair an teagasc; ní eol dóibh ná ní fhaca siad ceachtanna an Tiarna bhur nDia, a mhórgacht, ná neart a láimhe, ná a ghéag ar tinneall;

Ach is sibhse, le bhur súile cinn, a chonaic na héachtaí mora go léir a rinne an Tiarna.

A gclann nach eol dóibh fós é, cluinfidh siad é agus foghlaimeoidh siad eagla an Tiarna bhur nDia i gcaitheamh bhur ré sa tír a bhfuil sibh ag dul thar Iordáin lena shealbhú.”

Óir is maith is eol dom go ndéanfaidh sibh coirpeacht tar éis mo bháis, agus go gclaonfaidh sibh den bhealach a d'aithin mé daoibh; agus go dtiocfaidh an urchóid sa mhullach oraibh sna laethanta le teacht mar go ndearna sibh an t‑olc i láthair an Tiarna, á ghríogadh chun feirge le bhur mí-iompar.”

Dá bhrí sin, a mhuintir na páirte, faoi mar a rinne sibh rud orm i gcónaí agus mé in bhur measc, déanaigí rud anois orm níos mó ná riamh agus mé i bhfad uaibh, agus saothraígí bhur slánú faoi uamhan agus faoi eagla,

Nuair a bailíodh an ghlúin sin go léir chun a n‑aithreacha, tháinig glúin eile ina ndiaidh nárbh aithnid dóibh an Tiarna ná na héachtaí a rinne sé d'Iosrael.

Ansin scaoil Iósua leis an bpobal agus d'imigh clann Iosrael leo, gach duine díobh go dtí a oidhreacht féin, chun seilbh a ghabháil ar an talamh.

Rinne an pobal seirbhís don Tiarna i gcaitheamh saol Iósua go léir agus i gcaitheamh saol na seanóirí go léir a mhair i ndiaidh Iósua a chonaic na héachtaí go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe le hIosrael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí