Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iósua 24:29

An Bíobla Naofa 1981

Tar éis na nithe sin d'éag Iósua mac Nún seirbhíseach an Tiarna nuair a bhí deich mbliana agus céad slán aige.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Chónaigh Iósaef san Éigipt mar sin agus teaghlach a athar ina fhochair. Mhair Iósaef céad agus a deich mbliana.

Fuair Iósaef bás agus é céad agus a deich mbliana d'aois; agus rinneadar é a bhalsamú agus a chur i gcónra san Éigipt.

Ní hiad na mairbh a thabharfaidh moladh don Tiarna, ná an drong a ghabhann síos san uaigh.

Ansiúd i dtír Mhóáb, fuair Maois searbhónta an Tiarna bás faoi mar a d'achtaigh an Tiarna,

Scaoil Iósua na daoine ar shiúl uaidh ansin agus d'fhill gach duine ar a oidhreacht féin.

Rinneadar é a adhlacadh san oidhreacht a fuair sé i dTimneát Searach atá in ardáin Eafráim lastuaidh de Shliabh Gháis.

Ansin chuala an guth ó na flaithis á rá: “Scríobh: Is beannaithe na mairbh a fhaigheann bás sa Tiarna, as seo amach.” “Is beannaithe go deimhin,” a deir an Spiorad, “i dtreo go scuirfidh siad dá saothar mar tá a n‑oibreacha á leanúint.”

D'éag Iósua mac Nún, seirbhíseach an Tiarna, agus é céad agus a deich mbliana d'aois.

Rinneadar é a adhlacadh san fhearann oidhreachta a fuair sé i dTimneat Heireas in ardáin Eafráim, lastuaidh de Shliabh Gháis.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí