“Moladh leis an Tiarna a thug suaimhneas dá phobal Iosrael de réir gach ar gheall sé; níor theip ar oiread agus ceann de na nithe fónta go léir a gheall sé trí bhéal Mhaois a shearbhónta.
“Bíodh eagla oraibh roimh an Tiarna anois dá bhrí sin agus fónaigí dó go dílis dáiríre. Cuirigí uaibh na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn agus san Éigipt, agus déanaigí fónamh don Tiarna.