Tháinig Maois agus d'aithris sé don phobal aitheanta uile an Tiarna agus a reachtanna uile. D'fhreagair an pobal go léir d'aonghuth: “Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh.”
Ansin thóg sé leabhar an chonartha, agus léigh é i gcomhchlos an phobail, agus dúirt siad: “Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh, agus beimid umhal.”
Déarfaidh an duine seo: ‘Is leis an Tiarna mé’, tabharfaidh duine eile ainm Iacóib air féin. Scríobhfaidh duine eile ar a láimh ‘An Tiarna’, agus sloinnfidh é féin ó Iosrael.”
Tá an dearbhú seo déanta agat inniu faoin Tiarna: gurb é do Dhia é, ach ar choinníoll go leanfaidh tú a bhealaí, go gcoimeádfaidh tú a dhlíthe, a aitheanta, agus a reachtanna, agus go n‑éistfidh tú lena ghlór.
Má thréigeann sibh an Tiarna chun fónamh do dhéithe coimhthíocha, iompóidh seisean oraibh agus déanfaidh sé dochar daoibh agus díothóidh sé sibh tar éis a ndearna sé de mhaith daoibh.”
Dúirt Iósua leis an bpobal ansin: “Is finnéithe sibh in bhur n‑aghaidh féin go bhfuil an Tiarna tofa agaibh chun fónamh dó.” Agus dúirt siadsan: “Is finnéithe sinn.”