Iósua 24:14An Bíobla Naofa 1981“Bíodh eagla oraibh roimh an Tiarna anois dá bhrí sin agus fónaigí dó go dílis dáiríre. Cuirigí uaibh na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn agus san Éigipt, agus déanaigí fónamh don Tiarna. Féach an chaibidil |
Ansin dúirt Samúéil le teaghlach Iosrael go léir: “Má tá sibh ag filleadh ar an Tiarna ó chroí go hiomlán, cuirigí i leataobh uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus na hAisteárót, agus dírigí bhur gcroí ar an Tiarna, agus déanaigí fónamh dósan amháin, agus fuasclóidh sé sibh ó láimh na bhFilistíneach.”