Cuir orduithe an Tiarna do Dhia i gcrích, lean a shlite agus comhlíon a dhlíthe, a aitheanta, a nósanna, a reachtanna faoi mar atá scríofa i ndlí Mhaois. Ar an dóigh sin beidh an rath ar gach rud a dhéanfaidh tú agus a ghlacfaidh tú ar láimh,
Ar an gcaoi sin ní bheidh éirí in airde air i leith a bhráithre agus ní chlaonfaidh sé ar dheis ná ar chlé ón aithne, i dtreo go mbeidh fad saoil ina fhlaitheas in Iosrael aige, é féin agus a chlann.
Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”